Upcoming events

There are no events at this time

    Gallery

    Newsletter Subscriber

    Name:
    Email:
    SU As Gaeilge | Print |

    Aontas na Neach Léinn GMIT
    Struchtúr Aontas na Neach Léinn
    Is eagraíocht dhaonlathach é aontas na neach léinn atá á reáchtáil ag neacha léinn ar mhaithe le neacha léinn.
    Déantar cinnteoireacht ar thrí leibhéal san Aontas:
    a) Cuallacht na Neach léinn
    b) An Tionól
    c) An Feidhmeannas
    Cuallacht na Neach Léinn
    Is í cuallacht na neach léinn an dream uachtarach cinnteoireachta laistigh den aontas agus is aige atá an focal deiridh ar gach gnó tábhachtach a bhaineann leis an aontas. Conas a chuireann an chuallacht a mianta in iúl? Déantar é sin ar dhá bhealach: ar an gcéad dul síos trí vótáil sna toghcháin d’ionadaithe ranga, d’oifigigh pháirtaimseartha agus sabóideacha agus sa dara háit trí vótáil sna reifrinn a tharlaíonn ar thopaicí éagsúla le linn na bliana.
    An Tionól
    Is é an tionól ‘parlaimint’ aontas na neach léinn agus tá sé comhdhéanta de na hionadaithe ranga uile agus na hoifigigh fheidhmiúcháin. Buaileann an tionól le chéile uair sa mhí agus glacann le polasaithe don aontas chomh maith leis na hoifigigh fheidhmiúcháin a choimeád cuntasach as an obair a dhéanann siad.
    An Feidhmeannas
    Is é an feidhmeannas ‘comh-aireacht’ aontas na neach léinn agus cuimsíonn sé an bheirt oifigeach shabóideacha (an t-uachtarán, leasuachtarán agus uachtarán champais i gcás Chaisleán an Bharraigh) agus oifigigh pháirtaimseartha a leanann ar aghaidh mar neacha léinn lánaimseartha agus iad ag feidhmiú san aontas ar bhonn páirtaimseartha.
    Is mar seo a leanas comhdhéanamh an fheidhmeannais:
    An tUachtarán
    Is é/í an t-uachtarán an príomhoifigeach feidhmiúcháin agus an príomhurlabhraí d’aontas na neach léinn. Tá sé/sí freagrach as an aontas a reáchtáil ó lá go lá agus as idirbheartaíocht a dhéanamh ar a shon le heagraíochtaí seachtracha. Déanann an t-uachtarán ionadaíocht do na neacha léinn ar gach ceann de na comhlachtaí mórchinnteoireachta laistigh de GMIT, an Bord Rialaithe agus an Chomhairle Acadúil san áireamh.
    Leas-Uachtarán/oifigeach Leasa
    Tá an leasuachtarán/oifigeach leasa freagrach as na seirbhísí leasa ar gach campas cés moite de Chaisleán an Bharraigh. Cuireann an leasuachtarán seirbhísí comhairle agus atreoraithe ar fáil ar shaincheisteanna mar: sláinte, cóiríocht agus sábháilteacht i gcoitinne sa choláiste. Gníomhaíonn an leasuachtarán in ionad an uachtaráin le linn dó/di bheith as láthair.
    Leas-Uachtarán/Uachtarán Champas Chaisleán an Bharraigh
    Tá uachtarán Champas Chaisleán an Bharraigh freagrach as bainistiú an aontais agus a chuid seirbhísí ó lá go lá ar champas Chaisleán an Bharraigh. Is é/í an príomhionadaí do bhaill an aontais atá bunaithe i gCaisleán an Bharraigh.
    An tOifigeach Preasa agus Cumarsáide (OPC)
    Tá an OPC freagrach as na meáin agus an saol lasmuigh a chur ar an eolas maidir le feachtais agus gníomhaíochtaí an aontais agus as cumarsáid a fheabhsú freisin idir an aontas agus a chuid ball i.e. cuallacht na neach léinn.
    Oifigeach Gaeilge
    Tá an tOifigeach Gaeilge freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn laistigh den aontas agus i gcuallacht na neach léinn agus tá sé/sí freagrach freisin as foilseacháin an aontais agus ábhair eile a ullmhú i nGaeilge ar mhaithe le baill labhartha Gaeilge an aontais.
    Oifigeach Comhionannais agus Cearta Daonna
    Tá an t-oifigeach seo freagrach as cearta daonna agus an comhionannas a chur chun cinn san aontas. Tá sé/sí freagrach go háirithe as ionadaíocht a dhéanamh do riachtanais na neach léinn as cúlra faoi bhuntáiste nó de mhionlach eitneach, agus oibreoidh sé/sí le cosaint a chinntiú ar chearta na mball sna réimsí inscne, treoshuímh ghnéasaigh, stádas pósta, stádas teaghlaigh, cine, reiligiúin, agus ballraíocht sa phobal siúil.
    Cathaoirleach Neach Léinn Lánfhásta
    Tá an t-oifigeach seo freagrach as ionadaíocht a dhéanamh ar thuairimí agus dearcaí bhaill lánfhásta na neach léinn san aontas agus foirmíonn sé/sí agus déanann cathaoirleacht ar fhóram na neach léinn lánfhásta.
    Cathaoirleach na Neach Léinn Iarchéime
    Tá an t-oifigeach seo freagrach as ionadaíocht a dhéanamh ar thuairimí agus dearcaí na neach léinn iarchéime san aontas agus foirmíonn sé/sí agus déanann cathaoirleacht ar fhóram na neach léinn iarchéime.
    Oifigeach Siamsaíochta
    Tá an t-oifigeach siamsaíochta freagrach as polasaí siamsaíochta an aontais a chur i ngníomh.
    Cé hIad?
    Feidhmeannach Lánaimseartha (Bliain Amháin)
    Uachtarán ANL
    Leas-Uachtarán/ Leasa ANL
    Uachtarán @ Caisleán an Bharraigh ANL
    Leas-Uachtarán @ Caisleán an Bharraigh ANL
    Feidhmeannaigh Pháirtaimseartha
    Tá an tOifigeach Siamsaíochta freagrach as imeachtaí éagsúla siamsaíochta a eagrú le linn na bliana.
    Tá an tOifigeach Comhionannais freagrach as cearta gach neacha léinn a chosaint. Oibríonn sé/sí i ndlúthchomhar leis an oifigeach leasa lena chinntiú go gcaitear go cothrom le gach neach léinn.
    Tá Oifigeach na Neach Léinn Lánfhásta freagrach as ionadaíocht a dhéanamh ar thuairimí agus dearcaí bhaill lánfhásta an aontais (i.e. neach léinn ar bith a bhí in aois 23+ sa chéad bhliain dá gcúrsa).
    Tá an Rúnaí freagrach as gach cruinniú agus taifeadadh miontuairiscí a tharlaíonn le linn cruinnithe d’ionadaithe ranga agus den fheidhmeannacht.
    Tá an tOifigeach Cultúir freagrach as gnéithe éagsúla cultúir an aontais a chur i ngníomh ar fud GMIT.
    Coinníonn an tOifigeach Cumarsáide leathanach Bebo Aontas na Neach Léinn a mbíonn tóir air i gcónaí agus tacaíonn le gach gníomhaíocht cumarsáide.
    Déanann an tOifigeach LGBT idirchaidreamh idir neacha léinn de threoshuíomhanna éagsúla agus an aontas.
    Tá Oifigeach na Gaeilge freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann an t-aontas a chuid riachtanas i leith na Gaeilge.
    Tá Ionadaí Chluain Mhuire freagrach as ionadaíocht a dhéanamh ar dhearcaí na neach léinn i gCluain Mhuire.
    Tá Ionadaí Leitir Fraic freagrach as ionadaíocht a dhéanamh ar dhearcaí na neach léinn i Leitir Fraic.
    Tá an tOifigeach Riaracháin freagrach as faisnéis ghinearálta a chur ar fáil do na neacha léinn maidir le gach gné de GMIT agus as gníomhaíochtaí na n-ionadaithe ranga a chomhordú.
    Tá an tOifigeach Gníomhaíochtaí Neach Léinn freagrach as clubanna & cumainn a chomhordú agus as idirchaidreamh a dhéanamh le neacha léinn i ndáil le gníomhaíochtaí uile GMIT.
    Tá an tOifigeach Cumarsáide freagrach as preaseisiúintí a chruthú agus a scaoileadh maidir le gníomhaíocht Aontas na Neach Léinn agus as comhordú a dhéanamh ar fhoilseacháin aontais agus ar fhaisnéis láithreán gréasáin.
    Ionadaithe Ranga
    Is é/í an t-ionadaí ranga urlabhraí do ranga laistigh den Institiúid. Is iad na hionadaithe ranga i dteannta a chéile atá freagrach as polasaí Aontas na Neach Léinn a chinneadh. Coinníonn na hionadaithe ranga na hoifigigh lánaimseartha agus páirtaimseartha cuntasach.
    Cad iad na buntáistí a bhaineann le bheith i d’ionadai ranga:
    Scileanna ceannaireachta: D’fhéadfadh do pháirtithe ranga bheith ag brath ort le haghaidh ceannaireachta ar shaincheisteanna a bheadh os comhair do ranga ar nós ceisteanna a bhaineann le cláir ama, etc.
    Scileanna idirbheartaíochta: D’fhéadfá bheith ag teastáil le hidirbheartaíocht a dhéanamh le do cheann roinne nó le léachtóir ar ábhair ar nós rang a athshocrú nó fad a chur le spriocam le haghaidh tasc, etc.
    Scileanna abhcóideachta: Foghlaimíonn ionadaithe ranga conas labhairt ar son a bpáirtithe ranga ag leibhéil éagsúla i.e. cruinnithe ionadaithe ranga, cruinnithe boird chúrsa, etc.
    Scileanna Eagrúcháin: Tá ionadaithe ranga freagrach as cóisirí ranga a eagrú, turasanna ranga agus rudaí dá leithéid. Tá turasanna mar iad an-tábhachtach le grúpmheanma a fhorbairt agus lena chinntiú nach ndéanfar faillí i nduine ar bith.